You are here: Home / Polasaí Gaeilge
Polasaí Gaeilge agus Seirbhísí Gaeilge
Is féidir leat seirbhísí éagsúla a fháil i nGaeilge ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.
Seirbhísí atá ar fáil go hiomlán i nGaeilge
- Clárú vótálaithe: Is í an Rannóg Chlárú na dToghthóirí a bhainistíonn an tseirbhís seo.
Déan teagmháil leis an Rannóg Chlárú na dToghthóirí. - Gnóthaí Gaeilge: Is é an tAonad Forbartha Gaeilge a dhéanann maoirseacht ar an réimse seo.
Déan teagmháil leis an Aonad Forbartha Gaeilge ag an seoladh a thaispeántar thíos.
Seirbhísí a bhfuil cuid díobh ar fáil i nGaeilge (doiciméid go príomha)
- Aonad na Seirbhísí Custaiméirí: Pléann an roinn seo le cumarsáid ón bpobal go ginearálta.
- Oifigí Mótarchánach: Eisíonn an roinn seo deimhnithe cánach le haghaidh mótarfheithiclí.
- Leabharlanna Poiblí Chathair Bhaile Átha Cliath: Bainistíonn an roinn seo leabharlanna poiblí i gCathair Bhaile Átha Cliath.
Conas a chomhlíonfaimid ár n-oibleagáidí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla
Deirimid i gCairt Chustaiméara Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath go ndéanfaimid iarracht freastal ar na custaiméirí uile ar mian leo a ngnó a dhéanamh i nGaeilge.
Mar a cheanglaítear le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, táimid i ndiaidh scéim a fhoilsiú ina bhfuil cur síos ar an dóigh a bhfuil sé beartaithe againn na seirbhísí sin a mhéadú agus a fheabhsú sa tréimhse 2006 – 2009.
- Íoschóipeáil Scéim 2006-2009 (PDF 1.8Mb)
- Nó déan teagmháil leis an Aonad Forbartha Gaeilge ag an seoladh thíos agus iarr cóip orthu
Déanann an Scéim cur síos ar :
- Na seirbhísí a sholáthraíonn Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
- Na seirbhísí atá ar fáil i nGaeilge faoi láthair
- Na bearta atá leagtha amach chun méadú agus feabhas a chur ar na seirbhísí sin
For more information
Breis Eolais
An tAonad Forbartha Gaeilge
An Roinn Seirbhísí Corparáideacha
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
3 Sráid an Pháláis
Baile Átha Cliath 2.
Teil: (01) 222 3973 / (01) 222 3964
Facs: (01) 222 3921
Rphost: gaeilge@dublincity.ie
Choose a section below:
- Polasaí Gaeilge
- Terms and Conditions
- Accessibility Statement