You are here: Home / Brand Overview / Use of Irish Language
Use of Irish Language
Under the Official Languages Act 2003, Dublin City Council is legally obliged to comply with the requirements set out in the Act. The following requirements should be adhered to at all times:
Lettering in Irish must be the same size as English, have equal prominence, visibility and legibility and communicate the same information. As a general rule, printed material must be in Irish and English within the one document or in Irish and English simultaneously:
This means separate publications in Irish and English must be published and made available on the same day at the same time.
The following is a list of the items that must comply:
- Annual reports, audited accounts, statements of strategy and public policy proposals.
- Application forms, information leaflets, brochures and invitations.
- Mail shots, newsletters and circulars.
- Stationery: Letterheads, compliment slips, fax covers, business cards, file covers and folders, corporate labels. Text in Irish should appear first.
- Signage: Information on all new signage should appear in Irish and English. Text in Irish should appear first.
Úsáid na Gaeilge
Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 tá sé d'oibleagáid dhlíthiúil ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath cloí leis na ceanglais atá leagtha amach san Acht.
Ba chóir cloí leis na ceanglais seo a leanas gach uile thráth: Is gá na litreacha Gaeilge a bheith ar cóimhéid leis na litreacha Béarla agus é chomh suntasach, feiceálach, soléite leis an teanga eile agus an t-eolas céanna a bheith á thabhairt iontu.
Mar threoir ghinearálta is gá na doiciméid seo a leanas a fhoilsiú i nGaeilge agus i mBéarla taobh istigh de chlúdach amháin nó i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna:
Is é sin a rá gur ghá foilseachán ar leith, ceann i nGaeilge agus ceann i mBéarla a fhoilsiú agus a bheith ar fáil ar an lá céanna agus ag an am céanna.
Ba chóir cloí leis na ceanglais thuas i gcás na ndoiciméad seo a leanas:
- Tuarascálacha bliantúla, cuntais iniúchta, ráitis straitéise, tograí beartais phoiblí.
- Foirmeacha iarratais, bileoga eolais, bróisiúir agus cuirí.
- Cora poist, nuachtlitreacha agus imlitreacha.
- Stáiseanóireacht: Cinn litreach, duillíní dea-mhéine, bileoga cumhdaigh facs, cártaí gnó, cumhdaigh chomhaid agus fhillteáin agus lipéid chorparáideacha. Is gá an téacs Gaeilge a bheith ann ar dtús.
- Comharthaíocht: Is gá go mbeidh an t-eolas ar ghach comhartha nua i nGaeilge agus i mBéarla. Is gá an téacs Gaeilge a bheith ann ar dtús.
Irish - Best Practice
Planning
Good planning is essential to good bilingual design. Printed material should, wherever possible, be in Irish and English within the one document rather than having separate Irish and English versions. It is therefore vital that the designer is aware from the outset if Irish and English within the one document is required. On average the Irish Language requires 20% more space than English. Both layout and language separation should be discussed with the designer. Language separation is particularly important in relation to forms.
Proofing
Always allow enough time for translation and for proofing in your timelines for publications, at least a week for pieces of text over 500 words or a couple of days for short headings, etc. Proofing is very important in order to maintain consistency of terminology.
All translations and proofing should be done via An tAonad Forbartha Gaeilge (the Irish Development Unit). Mistakes can prove costly and detract from a professional image.
For more guidance or advice on the above, please contact:
An tAonad Forbartha Gaeilge/The Irish Development Unit
Ríomhphost/Email: gaeilge@dublincity.ie
Fón/Phone: 222 3973
Gaeilge - Úsaid na gCleachtas is fearr
Pleanáil
Tá pleanáil mhaith riachtanach chun dearadh maith dátheangach a dhéanamh. Nuair is féidir é, ba chóir ábhar clóite a bheith i nGaeilge agus i mBéarla taobh istigh de chlúdach amháin in ionad leagan Gaeilge ar leith agus leagan Béarla ar leith a bheith ann. Dá bhrí sin tá sé barrthábhachtach go mbeidh a fhios ag an dearthóir ón tús gur leagan Gaeilge agus leagan Béarla taobh istigh de chlúdach amháin atá de dhíth. De ghnáth bíonn timpeall 20% de spás breise de dhíth ar an leagan Gaeilge den téacs. Ba chóir an leagan amach agus roinnt na dteangacha a phlé leis an dearthóir. Tá tábhacht ar leith le roinnt na dteangacha nuair atá foirmeacha i gceist.
Léamh Profaí
Bí cinnte i gcónaí go bhfágtar go leor ama san amlíne agat le haghaidh foilseachán chun aistriúchán a dhéanamh agus profaí a léamh, seachtain ar a laghad le haghaidh téacs le breis is 500 focal ann, nó cúpla lá, más ceannteidil ghairide atá i gceist, etc. Tá tábhacht mhór le léamh profaí chun an téarmaíocht a choinneáil comhsheasmhach.
Is tríd an Aonad Forbartha Gaeilge ba chóir gach aistriúchán agus gach léitheoireacht profaí a dhéanamh. Féadfaidh botúin bheith costasach agus iad baint den íomhá ghairmiúil.
Chun tuilleadh treorach agus comhairle a fháil faoi na nithe thuas, déan teagmháil le do thoil, leis:
An tAonad Forbartha Gaeilge/The Irish Development Unit
Ríomhphost/Email: gaeilge@dublincity.ie
Fón/Phone: 222 3973
Choose a section below:
- Introduction
- Brand Management
- Use of Irish Language